School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins sa tsean am b'fhuarus biadh agus biotailte fhaghail ins an áit seo. Is cúmhain liom lá amhain bhí siad uilig ar an aonach ac mo mháthair-mhór agus mé féin. Nuair a chuir sí síos preataí arsa sise "níl dadaidh fa choinne an dinnéir indiú a Sheosaimh". Bhain mé anuas an tslat iasgiarachta, chuaidh mé síos an cladach agus ar an chead síneadh amach chuaidh mé i bhfasta i mbradán. D'éirigh sé dhá nó trí uaire. Bhí aitinn ins an áit acht bhí mé breagh luthmhar agus leig mé ruaim leis. Thug mé bun na slaite do anois agus arís mar d'fhoghain sé agus nuair a bhí sé sáruighthe agam chas me suas le í a thabhairt 'un cladaigh. Thug sé a'n léim amhain agus bhuail se sa bhrollach mé. Thuit mé ar mo thóin i dtom aitinne agus mharbh mé gearrfhiadh. Chuir mé thart mo dhá láim le ghabhail a éirigh agus luigh lach fiadain in ach a'n laimh do mo chuid. Bhí me arais sul a rabh na preataí bruite agus bradán, gearrfiadh agus dhá lach fiadhain liom. Ba é an Aoine a bhí ann agus ní dhearnmuid úsaid ach do'n bhradán. D'fhág mé na h-éanacha agus an gearrfiadh go Domnach agus agus bhí duine go súgach. Bhí braon anbhruith againn agus bhí deoch eiltig[?] againn na dhiaidh.
- Collector
- Anna Ní Mháirtín
- Gender
- Female
- Informant
- Seosamh O Baoghaill
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Goladoo, Co. Donegal