School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 103
- XML “Comhairle an Duine Aosta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sin an talamh a oibriú agus gheobhaidh sibh an taiscidh lá éinteact ar a' dóigh sin agus béidh mur saidhbhreas déanta go bráth, ach caithfidh sibh fhéin coinneáilt i gcionn a chéile agus oibriú as an láimh amháin.
Nuair a chualaidh na fir óga seo, bhí díbhirce mór ortha a ghbháil i gcionn oibre.
D'obair siad go dlúsamhail ó lá go lá níos mó. Roimh a mórán bliadhanta ní rabh an fhoid talamh ná seilbh nach rabh tionntuighthe aca agus iad ag dúil go cruaidh leis an dtaisce a cuir ar fad.
D'obair siad leo amháin ó bhliadhan go bliadhan ag baineadh amach bárrthaí móra. Cuireadh siad 'un mhargaidh an méid nach mbéadh a díoghbháil ortha fhéin dó.
Dhíoladh siad é agus leagadh siad thart an uille phiginn de'n luach. Bhí an sparán a' méadú i n-áit bheith a' laighdiú. Aréir mar a bhí siad ag cruinniú bhí siad ag éirigh sanntach. Bhí siad ag oibriú ní ba dhícheallaigh achan bhliadhan. a rabh ag teacht.
Bhí siad ag leagaint thart níos mo airgid. D'oibir siad go dtug an aois ortha stad ach bhí an saidhbhris déanta aca an uair sin. Fuair siad an saidhbhris 'san talamh mar a dubhairt an t-athair leo agus sin ó chugaibh anois "Cómhairle an duine aosta."- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Prionsus Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Dúbinn, Co. Donegal