School: Cruach (roll number 15931)

Location:
Croagh, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Duibhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 107

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 107

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach
  2. XML Page 107
  3. XML “Siógaí Dhún Gheanainn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an áit, ar dá bhfuighfeadh siad greim air go gcuirfeadh siad 'an bháis é. D'imthigh Síogaidhe le na cuid ba annsin. Nuair a chuaidh sé fad leis an geata an áit a rabh na fathannaí ina geómhnaidhe ní thearn sé ach an geata a fhosgladh agus na ba a chuir isteach ann. Chuaidh sé fhéin isteach annsin agus chuaidh sé suas i gcrann mór ubhalaí a bhí ann. Thosuigh sé ag ithe an chuid a bhfearr aca agus a cathadh anúas a chuid eile fhadh le na ba. Níor bhfada bhí go bhfacaidh sé a tárraing agus na gcúig meall. "O, maise míle maire fan ortsa", ars 'se, "Síogaidhe gránnda Dhún Gheannain, mar dálba ar rud duit teacht annseo a shaladh mo chuid fhéir agus a' strocadh mo chuid crainn ubhalaí." "Le do neamh thoil tháinig mise annseo," déir Síogaidhe, "agus le do neamh comhairle fágadh mé."
    D'fhiafraigh an fathach do annsin cé 'ca bhfearr leis greimeannaí caola crúaidhe carraidheachta na buillé beaga cruaidhe claidhbheacha. "O, maise bíodh do togha agat fhéin déir Síogaidhe ar is cú is laige."
    "Is fearr liomsa greimeannaí caola crúaidhe carraidheachta," deir an fathach. Chuaidh an bheirt i gcionn a chéile annsin agus teoga níor bhfada gur steáll Síogaidhe Dhún Gheannain na cúig cinn, na cúig muineail agus na cúig meall de agus d'fhág sé na luighe annsin marbh é. Thug sé leis a chuid ba agus bhain sé an baile amach. Nuair a chuaidh sé 'un toighe d'fhiafruigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    15
    Informant
    Sean Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Meenacloy, Co. Donegal