Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 107
- XML “Siógaí Dhún Gheanainn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an áit, ar dá bhfuighfeadh siad greim air go gcuirfeadh siad 'an bháis é. D'imthigh Síogaidhe le na cuid ba annsin. Nuair a chuaidh sé fad leis an geata an áit a rabh na fathannaí ina geómhnaidhe ní thearn sé ach an geata a fhosgladh agus na ba a chuir isteach ann. Chuaidh sé fhéin isteach annsin agus chuaidh sé suas i gcrann mór ubhalaí a bhí ann. Thosuigh sé ag ithe an chuid a bhfearr aca agus a cathadh anúas a chuid eile fhadh le na ba. Níor bhfada bhí go bhfacaidh sé a tárraing agus na gcúig meall. "O, maise míle maire fan ortsa", ars 'se, "Síogaidhe gránnda Dhún Gheannain, mar dálba ar rud duit teacht annseo a shaladh mo chuid fhéir agus a' strocadh mo chuid crainn ubhalaí." "Le do neamh thoil tháinig mise annseo," déir Síogaidhe, "agus le do neamh comhairle fágadh mé."
D'fhiafraigh an fathach do annsin cé 'ca bhfearr leis greimeannaí caola crúaidhe carraidheachta na buillé beaga cruaidhe claidhbheacha. "O, maise bíodh do togha agat fhéin déir Síogaidhe ar is cú is laige."
"Is fearr liomsa greimeannaí caola crúaidhe carraidheachta," deir an fathach. Chuaidh an bheirt i gcionn a chéile annsin agus teoga níor bhfada gur steáll Síogaidhe Dhún Gheannain na cúig cinn, na cúig muineail agus na cúig meall de agus d'fhág sé na luighe annsin marbh é. Thug sé leis a chuid ba agus bhain sé an baile amach. Nuair a chuaidh sé 'un toighe d'fhiafruigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Faisnéiseoir
- Sean Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Mín na Cloiche, Co. Dhún na nGall