School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 113
- XML “Siógaí Dhún Gheanainn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)annsin agus ins an am chéadna slugadh isteach mé féin agus mo dhá bheath deug, mo dhá mhac deug, mo dhá cú agus mo dhá sheobhach deug. Nuair a bhí muid uilig istoigh annsin tháinig chugainn an fear beag ribeach Ruadh.
Bhí márt bruighte ar an tabla ann agus tharraing an fear beag ribeach Ruadh amach dhá sgeibhir deug íarrain agus sgeibhir amháin maide. Thug sé a rogha féin do mo dhá mhac deug. Dá mbhainfeadh siad san an márt do-san go mbheadh sé aca ac dá mbaindeadh seisean an mart daobhtha go mbeadh sé aige fhéin. Ghlac mo dhá mhac deug an dhá sgeibhir deug íarrain agus glac seisean an sgeibhir amháin maide. Níor bhfada bhí gur bhain sé an márt dobhtha. Annsin thárraing an fear beag ribeach Ruadh amach slabhradh íarrain as a phoca agus chuir sé a cheann isteach ann agus d’iarr sé ar mo dhá mhac deug a gceann a chuir isteach ar an taobh eile. Dubhairt sé leobhtha da dtairneochadh siad eisean isteach ins an charaigh galach a bhí ann go rabh fáillte aca a deánamh ach dó dtairneochadh seisean isteach iad san go mbheadh fáillte roimhe a dheánamh fosta. Thosaigh an tárraing annsin agus níor bhfada bhí gur tharraing sé isteach mo dhá mhac deug agus bruitheadh agus doigheadh iad uilig.
Tharraing sé amach ubhall as a phoca annsin agus thug sé do Gruagach a gaire é le cathadh air.
Chaith Gruagach an t-ubhall agus chuaidh sé thart ag a dhíoll. Bhéir an fear beag ribeach Ruadh ar an(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Informant
- Sean Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Meenacloy, Co. Donegal