School: Cruach (roll number 15931)

Location:
Croagh, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Duibhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 112

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 112

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach
  2. XML Page 112
  3. XML “Siógaí Dhún Gheanainn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gabhain I mbuin, no searrach I láir, no úan I gcaorach, no gearrfaidhe I dtoin ar feadh seacht míle de. D’iarr gruagach ar fear de na searbhantaigh gabhail amach agus ceist a chuir air caidé bhí a díth air agus mas troid a bhí a dhíth air go dtabhradh seisean do é.
    Chuaidh buachall amach agus chuir Síogaidhe sgeal leis fhad le gruagach gur troid a bhí a dhíth air. Cuaidh Grúagach é fhéin amach annsin agus thosaigh an troid. Níor bhfada bhí go rabh sé na luighe ar an talamh ag Síogaidhe. “Anois”, ars Síogaidhe, “amach as sin ní éireochaidh tú go deo mar n-innseochaidh tú damh caidé an dóigh a cháill tú do shiúl, do ubhall agus do gháire. “Ó, maise”, deir Gruagach, “tá innseacht sgéal ar sin agus shíl mise nach mbéadh sé le innseacht agam a coidhche ach siubhal liom isteach un na ciurta agus innseochaidh mé duit é.
    Seo an sgéal a d’innis sé do.
    “Bhí mise annseo I n-am amháin,” ars se, agus bhí dhá mhac deug agam, agus dhá bheat deag, agus dhá seobac deug agus dhá chú deug agam. Cú agus beath agus seobac ag gachfear de mo chuid mic.
    Bhí muid uilig ina ár suidhe thart lá amháin agus tháinig gearrfaidhe pisreógach isteach agus gearr sí léim a dioghbhail faoi srón mo dhá mhac deug, mo dhá bheath deug agus mo dhá chú deug. Lean muid í annsin agus choinnigh muid suas an rása go dtí go rabh muid ag Beann Builbín. Slogad isteach í
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    15
    Informant
    Sean Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Meenacloy, Co. Donegal