Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- Croagh, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 121
- XML “Scéal Chamach na Luatha Buí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“An chéad crann a bhuaileas I ndiaidh do háta” ar sise, “bris craobh den crainn agus tabhair leat chugan sa í”.
Bhí na rudaí seo chuca o’n aonach agus thug daobhtha iad. Chuaidh an Chamach amach go dtI’n roilg, agus chuir sí an craobh I n-uaigh a mhathair. Níor bhfada go bhfás an craobh seo na crann mór árd agus tháinig Colmán géal bán agus shuidhe sé ar barr an chruinn agus athcuinge ar bith dá h-iarraidh an Chamach ar an Cholmán bhí sé le fághail aicí agus bhí sí sásta. Chuir rí na h-áite fuagradh amach ar fud na ríoghachta a tabhairt cuireadh do na daoine uilig chuig feasta a mhair trí lá go dtógfadh an prionsa céile mná do fhéin is na cailíní óga a bhéadh lathair. Bhí luthmhair mór ar na mná óga uilig agus go h-airadhe ar chuid leas-deirbhsúireacha na Camaighe. B’éigin do’n camach a mbróga do glánach agus a gcuid cionn do chíoradh agus cad do, agus nuair a d’iarr sí fhéin cead a dhul chuig an fhéasta dubhairt an leas-mhathair léithe nach rabh éadach aicí agus nach rabh bróga aici agus nach dtiocadh léithe damhsa do deánamh agus mar sin de nach rabh cead aici a dhul. Thosaigh an Camach ag caoineadh agus thug an leas-mhathair léithe lán scála de phónair agus dhoirt an phónair fríd na luaidh agus dubhairt leis an chamaigh da dtigeadh léithe pónair a(leanann ar an chéad leathanach eile)