Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 122
- XML “Scéal Chamach na Luatha Buí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cruinniú as na luaidh ar aon ceann agus ceann I ndeich bomaite go dtiocfadh léithe dul chuig an fhéasta. Chuaidh an Camach go h-uaigh a mathair agus d’iarr sí cuideadh ar a’ Cholman agus a bhfaiteadh na súil ní rabh éan ‘san áltain nach rabh aicí ag cuideadh léithe agus I gcúig mbomaite bhí an obair deánta ach indiaidh an iomlán ní tabharfadh an leas-mhathair cead díthe a dhul chuig an fhéasta. D’imthigh si fhéin agus a chuidh nighneach. Nuair a fuair a Camach ar shiubhal iad chuaidh sí go h-uaigh a mathair agus d’iarr ar an Cholman culaith éadaigh agus péire bróga a chaitheadh anuas chuici. Chaith an Colman culaith síoda dearg agus bróga dearg cuicí.
Choirigh sí í fhéin go galanta agus d’imthigh sí chuig an fhéasta. Níor aithin duine ar bith í. Shíl siad uilig gur ingheann Riogh a bhí inntí a tháinig as tír coimhthigheach. Chuir an prionnsa óg connrughadh inntí mar dhuine agus thug leis a dhamhsaí. Dhamhsaigh siad leo go tráthnóna agus le teacht na h-oidhche dubhairt an Camach gur mhithid díthe a dhul abhaile. Dubhairt an Prionnsa óg go mbéadh sé léithe nó ba mhaith leis a fhághail amach ca rabh sí na comhnuidhe. D’imthigh an bheirt ach nuair a bhí siad I n-aice le teach a h-athair chuaidh sí I bhfolach air agus ní rabh an darna amharc le feiceal uirthí.(leanann ar an chéad leathanach eile)