Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach
- XML Leathanach 123
- XML “Scéal Chamach na Luatha Buí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lá thar na mharach chuaidh an leas-mhathair chuig an fhéasta arais agus nuair a fuair an Camach ar shiubhal iad chuaidh sí go h-uaigh a mhathair agus d’iarr sí ar an Colman a bhí ar bharr an chrainn culaith eaduigh agus péire bróga a chaiteadh anuas chuicí. Chaith an Cholman chuicí culaith de síoda gheal agus bróga a rabh dat airgead ortha.
Nigh sí agus ghlan sí agus choirigh sí í fhéin agus d’imthigh léithe chuig an fheasta ach níor luaithe a tháinig sí ‘un toigh nó d’aithin an prionnsa óg í agus thug leis a damhsa.
Dhamhsaigh siad leo go tráthnóna go dtí gur dhubhairt an Camach go rabh an t-am aicí a dhul na bhaile. Dubhairt an prionnsa óg go mbéadh sé léithe agus d’imthigh an bheirt, ach nuair a tháinig siad fhad le teach a h-athara chuaidh an Camach I bhfolach agus ach oiread is dá slugadh an t-ear nó an talamh í ní rabh an darna amharc le feiceal aige uirthí. An tríomhach lá chuaidh an leas-mhathair agus an beirt nigheanach chuig an fhéasta agus nuair a fuair an Camach ar shiubhal iad chuaidh sí fhéin go h-uaigh a mathair agus d’iarr sí ar an Cholman culaith eaduigh agus péire bróga a chaitheach anuas chuicí. Chaith an Cholman anuas cucaí culaith a bhí fighte fuaighte le órnáidhe agus bróga a rabh dath óir ortha.