School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 122
- XML “Scéal Chamach na Luatha Buí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cruinniú as na luaidh ar aon ceann agus ceann I ndeich bomaite go dtiocfadh léithe dul chuig an fhéasta. Chuaidh an Camach go h-uaigh a mathair agus d’iarr sí cuideadh ar a’ Cholman agus a bhfaiteadh na súil ní rabh éan ‘san áltain nach rabh aicí ag cuideadh léithe agus I gcúig mbomaite bhí an obair deánta ach indiaidh an iomlán ní tabharfadh an leas-mhathair cead díthe a dhul chuig an fhéasta. D’imthigh si fhéin agus a chuidh nighneach. Nuair a fuair a Camach ar shiubhal iad chuaidh sí go h-uaigh a mathair agus d’iarr ar an Cholman culaith éadaigh agus péire bróga a chaitheadh anuas chuici. Chaith an Colman culaith síoda dearg agus bróga dearg cuicí.
Choirigh sí í fhéin go galanta agus d’imthigh sí chuig an fhéasta. Níor aithin duine ar bith í. Shíl siad uilig gur ingheann Riogh a bhí inntí a tháinig as tír coimhthigheach. Chuir an prionnsa óg connrughadh inntí mar dhuine agus thug leis a dhamhsaí. Dhamhsaigh siad leo go tráthnóna agus le teacht na h-oidhche dubhairt an Camach gur mhithid díthe a dhul abhaile. Dubhairt an Prionnsa óg go mbéadh sé léithe nó ba mhaith leis a fhághail amach ca rabh sí na comhnuidhe. D’imthigh an bheirt ach nuair a bhí siad I n-aice le teach a h-athair chuaidh sí I bhfolach air agus ní rabh an darna amharc le feiceal uirthí.(continues on next page)