School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 105
- XML “Lag na Fola”
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an áit.Aibhistin Aodh Mac Amhlaidh, An Leirigean Mhór.
Mícheal Ó Baoighill, Chille. - Tá liosanna i gceantar na scoile. Tugtar lios, caiseal, ráth agus dún ortha. Tá lios ar an Lairigean, agus tá caiseal i bhFionn Tráigh i n-aice na scoile. Tá Dún Mhurrin i n-Oileán. Tá siad uilig i radharc a chéile. Tá déanamh cruinn ar gach ceann aca. Tá claidhe thart ar gach ceanna aca. Chuadh sgaifte de bhuachaillí na scoile isteach i lios fa gcodla lá amháin, ach níor tharluigh rud ar bith. Ní'l poll ar bith i gceann ar bith ach san cheann seo. Deir cuid de na daoine gur i n-aimsir na bPaganach a rinneadh iad, agus deir cuid eile gur i n-aimsir na Lochlannach a rinneadh iad. Rinneadh iad ar dhóigh is go dtiocfadh leis na fir a bhí ag coimhead namhaid ar bith a fheiceáil, nó bealach na fairrge a thigeadh siad an t-am sin. Níor réabadh nó níor treabhadh aon cheann aca ariamh. Chonnaictheas soillse ar an cheann i Lairigean. Deirtear go gcodluigheaddh na daoine a bhí ag coimhead i gCaisleal Carrach i lios fa gcodla. Ní fhacaidh aon duine rud ar bith thart ortha ariamh. Deir na daoine fósta go bhfuil óir ins na liosanna seo.
- Collector
- Nóra Nic Amhlaidh
- Gender
- Female
- Address
- Largymore, Co. Donegal
- Informant
- Aibhistín Aodh Mach Amhlaidh
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Largymore, Co. Donegal
- Tá liosanna i gceanntar na sgoile. Tugtar lios, caiseal agus dún ortha. Tá ceann d'arbh ainm Caiseal in aice na sgoile.(continues on next page)