School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
![The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 106](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1039%2FCBES_1039_106.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 106
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 106
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá lios fa gcodla I nGort na Muc, agus tá Caiseal Carrach I dTuillid, agus tá Dún Mhurrin I n-Oileán. Tá trí rathanna fósta ar an lairigean.
Tá siad uile go léir I radharc a chéile. Tá siad uilig cruinn, agus tá claidhe agus banc cré thart ortha uilig. Tá poll I lios fa gCodla, agus deirtear go dteachaidh sgaifte fear isteach ann uair amháin agus gur thuit clocha anuas agus b’éigean dóbhtha pilleadh amach as arís. Fósta chuaidh sgaifte de na scolairí isteach giota maith sa lios céadna ach níor tharluigh rud ar bith dóbhtha.
Deirtear gur na gaedhil a rinne iad agus go dearnadh iad I n-aimsir na lochlannach. Ní rabh bealaigh móra ar bith ann an t-am sin, agus thugadh an námhaidh isteach bealach na fairrge I dtolamh. Muinntir an cheanntair a chomhnuigheadh ionnta. Bíonn cait le feiceál thart fa lios fa gcodla. Lucht faire a mbíodh in a gcomhnuidhe I lios fa gcodla agus bhíodh siad ag coimhead Caiseal Carrach nó Carrach an taoiseach a bhí ar an cheanntar.
Níor réabadh agus níor tréabadh aon ceann aca ariamh. Chonnaictheas soillse comhgarach don cheann I lairigean, acht níor chualaidh aon duine ceól istoigh I h-haon cheann aca ariamh.- Collector
- Seán Ó Breisleán
- Gender
- Male
- Address
- Largy, Co. Donegal
- Informant
- Conall Ó Breisleán
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Largy, Co. Donegal