Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 106](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1039%2FCBES_1039_106.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 106
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá lios fa gcodla I nGort na Muc, agus tá Caiseal Carrach I dTuillid, agus tá Dún Mhurrin I n-Oileán. Tá trí rathanna fósta ar an lairigean.
Tá siad uile go léir I radharc a chéile. Tá siad uilig cruinn, agus tá claidhe agus banc cré thart ortha uilig. Tá poll I lios fa gCodla, agus deirtear go dteachaidh sgaifte fear isteach ann uair amháin agus gur thuit clocha anuas agus b’éigean dóbhtha pilleadh amach as arís. Fósta chuaidh sgaifte de na scolairí isteach giota maith sa lios céadna ach níor tharluigh rud ar bith dóbhtha.
Deirtear gur na gaedhil a rinne iad agus go dearnadh iad I n-aimsir na lochlannach. Ní rabh bealaigh móra ar bith ann an t-am sin, agus thugadh an námhaidh isteach bealach na fairrge I dtolamh. Muinntir an cheanntair a chomhnuigheadh ionnta. Bíonn cait le feiceál thart fa lios fa gcodla. Lucht faire a mbíodh in a gcomhnuidhe I lios fa gcodla agus bhíodh siad ag coimhead Caiseal Carrach nó Carrach an taoiseach a bhí ar an cheanntar.
Níor réabadh agus níor tréabadh aon ceann aca ariamh. Chonnaictheas soillse comhgarach don cheann I lairigean, acht níor chualaidh aon duine ceól istoigh I h-haon cheann aca ariamh.- Bailitheoir
- Seán Ó Breisleán
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Leargaidh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Conall Ó Breisleán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- An Leargaidh, Co. Dhún na nGall