School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
![The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 111](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1039%2FCBES_1039_111.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 111
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 111
- XML “Préataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)poll ins an talamh, agus cuireann siad cupla cliabh preataí isteach inntí. Gheibh siad luachair annsin, agus cuireann siad ar mhullach an phuill é, agus annsin cuireann siad chumhdach creafóige ar bharr an iomlán.
Fágtar na rudaí a bhfuil siad a ghábhail a dhéanamh síol dóbhtha go mí Márta, agus fágtar na rudaí a bhfuil siad a ghábhail a n-uais eadar go mí deireadh Foghmhair. Na h-ainmneacha atá ortha [Cocsts,]? Epicures, Gerrs Pinks, Aran-Victors, Aran-Banners, Snowflakes, Gackeys. Deirtear gur na Pinks is fearr.
Ní usaidtear preataí chun starch a dhéanamh anois, ach chualaidh mé go n-usaidtear iad fadó shoin. Sgríobhtar iad ar an sgriobadóir, agus annsin fasgan tú iad, agus an t-uisge a thigeas amach asta fágann tú é i chupa go dteidheann an starch go dtí an bun. Annsin cuireann tú uisge fíochta air, agus bíonn sé réidh annsin.
Seo an dóigh le arán préataí a dhéanamh.
Ar tús measgan tú na préataí bruidhte suas agus má tá se ró thirim thig leat braon bainne a cuir ann. Seo na h-ainmneacha a baintear le préataí, Seidhín, sceorín, préataí beaga agus poirín.- Collector
- Irene Nic Aonghuis
- Gender
- Female
- Address
- Ballyara, Co. Donegal
- Informant
- Seaghan Mac Aonghuis
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Address
- Ballyara, Co. Donegal