Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 111](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1039%2FCBES_1039_111.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 111
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 111
- XML “Préataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)poll ins an talamh, agus cuireann siad cupla cliabh preataí isteach inntí. Gheibh siad luachair annsin, agus cuireann siad ar mhullach an phuill é, agus annsin cuireann siad chumhdach creafóige ar bharr an iomlán.
Fágtar na rudaí a bhfuil siad a ghábhail a dhéanamh síol dóbhtha go mí Márta, agus fágtar na rudaí a bhfuil siad a ghábhail a n-uais eadar go mí deireadh Foghmhair. Na h-ainmneacha atá ortha [Cocsts,]? Epicures, Gerrs Pinks, Aran-Victors, Aran-Banners, Snowflakes, Gackeys. Deirtear gur na Pinks is fearr.
Ní usaidtear preataí chun starch a dhéanamh anois, ach chualaidh mé go n-usaidtear iad fadó shoin. Sgríobhtar iad ar an sgriobadóir, agus annsin fasgan tú iad, agus an t-uisge a thigeas amach asta fágann tú é i chupa go dteidheann an starch go dtí an bun. Annsin cuireann tú uisge fíochta air, agus bíonn sé réidh annsin.
Seo an dóigh le arán préataí a dhéanamh.
Ar tús measgan tú na préataí bruidhte suas agus má tá se ró thirim thig leat braon bainne a cuir ann. Seo na h-ainmneacha a baintear le préataí, Seidhín, sceorín, préataí beaga agus poirín.- Bailitheoir
- Irene Nic Aonghuis
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Eára, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seaghan Mac Aonghuis
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Baile Uí Eára, Co. Dhún na nGall