School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 114
- XML “Ainmhithe na Feirme”
- XML “Scéaltaí fá Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fuair siad amach gur an diabhal a bhí ann.
Glaoidhtear ar na h-ainmhidhte mar seo.
Cearca : “tioc, tioc, tioc”.
Géacha : “gobal, gobal, gobal”.
Caoirigh : “huitche, huitche, huitche”.
Lachain : “wheet, wheet, wheet”.
Muca : “huiris, huiris, huiris”.
Bó : té, té té”.
Gamhain : “suicí, suicí, suicí”.
Nuair a bhidhthear ag cur uibheacha faoi na cearca. Cuirtear marc gorm ortha, agus cuirtear uisge coisreactha ortha. Cuirtear an chead triúr isteach in-Ainm an Athair agus an Mhic agus an Spiorad Naomh.
Luigheann na cearca ortha trí seachtmhainí, agus annsin thigeann éanacha beaga amach. - Scéaltaí fa lucht siubhail.
Bhí Crúicigh agus Péigí Ní Ceannaidh ina gcomhnuidhe le chéile i gcró bheag, agus bhí Jammey Frank ina chomhnuidhe i gcró beag eile comhgarach. Lá amháin thuit Crúicigh amach le Péigí agus thoisigh siad ag troid. Tháinig Jammey Frank isteach agus dubhairt sé nach mbuailfeadh fear bean fhad is bhéadh fear eile san teach agus thoisigh sé ag cuidiú le Péigí. Nuair a chonnaic Péigí go rabh Crúicigh ag bualadh an bheirt aca chuaidh sí i leith Crúicigh agus d’éirigh(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Breisleán
- Gender
- Male
- Address
- Largy, Co. Donegal
- Informant
- Conall Ó Breisleán
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Largy, Co. Donegal