School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 146

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 146

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 146
  3. XML “Seanscéal - Máire agus an Chaora”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D’imthigh Máire, agus nuair a phill sí bhí an dinnéar réidh. Nuair a tháinig an bhunadh eile abhaile bhí siad agus cainnt ar an chailín deas a bhí ag an Aifreann, agus nar aithin duine ar bith í. Níor leig Máire uirthí fa’n chaora, nó go rabh sí agus an Aifreann í féin.
    Thárluigh an rud chéadna gach Domhnach, agus bhí an leas mháthair comh h-olc agus bhí ariamh, nó ní rabh duine ar bith ag cainnt leis na ingheanacha anois ar chor ar bith.
    Chuaidh sí chuig cailleach an gcearc, agus chuir ceist uirthí an dóigh i b’fhearr le deireadh a chur le Mháire. D’iarr an chailleach uirthí an chaora dhubh a bhí ins an pháirc a mharbhadh, agus é a bheith réidh aicí fá choinne an dinneara Dia Domhnaigh.
    Ní rabh fhios ag Máire caidé b’fhearr díthe ‘ déanamh, nó níor maith léithe an cara is fearr sa domhain a mharbhadh. Thug sí léithe sgian, agus chuaidh sí suas na pairce chuig an chaora, agus d’iarr an chaora uirthí í a mharbha, ach gach cnámh ina corp a cruinniú agusa fhágail sa phairc.
    Rinne sí mar h-iarrad uirthí, ach ríth madadh ar shiubhal le cnámh amháin. An Domhnach na diaidh sin bhí sí sa bhaile nuair a chonnaic sí an an chaora ag teacht, agus gan ach trí c[ó]s uirthí. D’iarr sí uirthí imteacht un’ Aifrinn agus d’ imthigh Máire.
    Nuair a bhí an t- Aifreann thart chuaidh sí a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic Amhlaoidh
    Gender
    Female
    Address
    Largymore, Co. Donegal
    Informant
    Micheál O Baoighill
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Kill, Co. Donegal