Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 146](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1039%2FCBES_1039_146.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 146
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D’imthigh Máire, agus nuair a phill sí bhí an dinnéar réidh. Nuair a tháinig an bhunadh eile abhaile bhí siad agus cainnt ar an chailín deas a bhí ag an Aifreann, agus nar aithin duine ar bith í. Níor leig Máire uirthí fa’n chaora, nó go rabh sí agus an Aifreann í féin.
Thárluigh an rud chéadna gach Domhnach, agus bhí an leas mháthair comh h-olc agus bhí ariamh, nó ní rabh duine ar bith ag cainnt leis na ingheanacha anois ar chor ar bith.
Chuaidh sí chuig cailleach an gcearc, agus chuir ceist uirthí an dóigh i b’fhearr le deireadh a chur le Mháire. D’iarr an chailleach uirthí an chaora dhubh a bhí ins an pháirc a mharbhadh, agus é a bheith réidh aicí fá choinne an dinneara Dia Domhnaigh.
Ní rabh fhios ag Máire caidé b’fhearr díthe ‘ déanamh, nó níor maith léithe an cara is fearr sa domhain a mharbhadh. Thug sí léithe sgian, agus chuaidh sí suas na pairce chuig an chaora, agus d’iarr an chaora uirthí í a mharbha, ach gach cnámh ina corp a cruinniú agusa fhágail sa phairc.
Rinne sí mar h-iarrad uirthí, ach ríth madadh ar shiubhal le cnámh amháin. An Domhnach na diaidh sin bhí sí sa bhaile nuair a chonnaic sí an an chaora ag teacht, agus gan ach trí c[ó]s uirthí. D’iarr sí uirthí imteacht un’ Aifrinn agus d’ imthigh Máire.
Nuair a bhí an t- Aifreann thart chuaidh sí a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic Amhlaoidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheál O Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Kill, Co. Dhún na nGall