School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 184

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 184

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 184
  3. XML “Ceird na Gadaíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gaduidheachta. An lá thar na bhárach d’fhiafruigh an Thigearna talamh do’n fhear ar innes an mhac dó caidé’n ceird a fhoghlam sé. Annsin d’innis sé do’n Tighearna gur fhoghlam sé ceird an ghaduidheachta. Dubhairt an Tighearna annsin go rachadh sé go dtí an teach an tráthnóna sin go bhfeicfeadh sé caidé más bhí a mhac.
    Chuaidh sé go dtí an teach agus bhí an buachall agus an Thigearna ag cainnt. Dubhairt an Tighearna go dtabharfadh sé céad púnt dó da dtiocfadh leis an dhá chapall a ghuid as an seisreach i n-áit in a rabh na fir ag treabhadh. Dubairt an buachall nach dtiocfadh leis é a dhéanamh an lá sin na an lá thar na bhárach ach go ndeanfadh sé é seachthmain ó’n lá sin. Dubhairt an Tighearna go rabh sin go maith. Nuair a bhí an lá comhgarach fuair an ghaduidhe trí coininí agus coinnigh sé iad. Nuair a tháinig an lá in a rabh sé leis an dhá chapall a ghuid thug sé amach na trí coininí agus chuaidh sé i gcúl chlaidhe. Bhris sé cós ceann amháin aca ar tús agus leig sé ar shiubhal é. Chonnaic na fir é agus dubhairt fear go rabh sé ró fhada ar shiubhal uabhta. I gcionn tamaill chonnaic siad ceann eile agus é ag gabhail níos moille, rith fear amháin aca indiaidh an cheann sin, ní rabh sé I bhfad annsin go bhfacaidh an beirt eile an triomhadh ceann, agus rith an bheirt aca indiaidh an cheann sin. Nuair a bhí na fir imthigh ghuid an ghaduidhe an dhá chapall, agus thug fhad le an Tighearna iad. Thug an Tighearna an céad púnta dó.
    Dubhairt an Tighearna annsin go dtabharfadh sé cúig céad púnt dó da dtiocfadh leis an braithlín a ghuid a bhí faoi é fhéin agus a bhean. Bhí fhios ag an Tighearna an oidhche a rabh sé le theacht. Smaointigh an ghaduidhe ar chleas, fuair sé fear a bhí marbh seachtmhain agus cheangal é le róga. Chuaidh sé fhéin súas ar bharr an t-similéar agus an fear marbh leis, leig sé síos an fear marbh agus nuair a bhí sé comhair bheith shíos ins an t-seomra, bhí gunna ag an Tighearna agus scaol sé an fear marbh agus shíl sé fhéin gur an ghaduidhe a mharbh sé.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Máire B. Nic Cuinneagain
    Gender
    Female
    Informant
    Seán O Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    70