School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 190

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 190

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 190
  3. XML “Na Trí Chomhairleacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    san cheann mhór mar d’iarr an fear uirthe. Annsin nuair a bhí an fear ag imtheacht d’fhiafruigh a mhaighistir dó cia aca de’n dé rud a b’fhearr leis, trí comhairleacha nó a pháire. Smaointigh sé agus dubhairt sé go nglacfadh sé na trí comhairleacha. An chéad ceann cam díreach an ród sé an bealach mór an aith ghiorra. An dara ceann gan codladh oidhche amháin i dteach ina mbeadh cailín óg pósta ar sheanduine. An treas ceann, dá mbeadh fearg air trí coiscéim ar chúl agus trí coiscéim ar aghaidh a ghlacfadh sul a ndeanfad sé rud ar bith tobann. Nuair a bhí an fear ag gabháil amach ar an doras thug a mhaighistir an dhá thuirtín dó agus d’iarr air ceann amháin aca a ithe ach an ceann mór a choinneál agus é a thabhairt do a bhean nuair a rachadh sé abhaile. D’iarr a mhaighistir air fosda innse dó a bhean é a ghearradh agus dhá leath a deánamh de.
    D’imthigh sé leis agus nuair a bhí an oidhche ag teacht chuaidh sé isteach a dteach agus bhí seanduine ann. D’fhiagruigh sé do’n t-seanduine an dtabharfadh sé loistín na h-oidhche dó, dubhairt an sean fhear leis go dtabharfadh. Ní rabh sé i bhfad go dtáinig cailín bréagh dóigheamhail asteach agus canna léithe agus bainne ann. Chuaidh sí amach arais agus nuair a bhí sí amuigh d’fhiafruigh an fear do’n t-seanduine an í sin a inghean. Dubhairt an t-seanduine gurbh í sin a bhean, le sin smaointigh an fear ar na trí comhairleacha a thug a mhaigistir dó, agus an dara ceann gan codladh oidhche amháin i dteach in a mbeadh cailín óg pósta ar sheanduine. D’imthigh an fear amach as an teach agus nuair a bhí sé giota beag ar shiubhal chonnaic sé cruach cochán sgaithte agus smaointigh sé go bhfanfadh sé annsin rith na h-oidhche. D’fhan sé ann agus ní rabh fhios ag duine ar bith go rabh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Language
    Irish
    Collector
    Máire B. Nic Cuinneagain
    Gender
    Female
    Informant
    Seán O Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    70