School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 196

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 196

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 196
  3. XML “An Claíomh Solais”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an buachaill go gcaithfeadh sé a ghábhail ar shiubhail go Rí na Frainnce agus claidheamh soláis an domhain thoir a thabhairt chuige. Dubhairt fear an toighe dá ndeánfadh sé sin go bhfuigheadh sé seacht míle punt, agus muna ndeánfadh sé é go gcaillfeadh sé a cheann.
    Bhí go maith agus ní rabh go h-olc d’imthigh an ghasúr leis agus casadh an fear beag air é a leanstan arais. Shiubhail an bheirt leobhtha annsin agus níor stad siad go rabh siad ag bruach an chladaigh. D’amhart siad thart agus chonnaic siad seisear fear beaga annsin, agus d’fhiafruigh siad do’n bheirt cá rabh siad ag gábhail. D’innis an ghasúr an sgéal o thús go deireadh dóbhtha.
    Dubhairt an chead fhear go racadh seisean bobhtha. Annsin d’fhiafruigh an ghasúr do an dtiocfadh leis siad ar bith a dhéanamh. Dubhairt se gur Eolaidhe Mhic an Eolaidhe an t-ainm a bhí air agus go dtiocfadh leis eolás a fhághail ar cheithre ceann an domhain, agus nach radhadh sé leithead ribe ar seachrán. Dubhairt an dara fear go racadh seisean leobhtha fósta. Annsin d’fhiafruigh an buachaill do caidé thiocfadh leis a dhéanamh. Dubhairt sé gur Dreapaidhe mhac a Dreapaidhe an t-ainm a bhí air, agus go dtiocfadh leis ghábhail suas fiche míle sa’n aer os cionn talaimh. Dubhairt an treas fear go rachadh seisean. D’fhiafruigh an buachaill do caidé thiocfadh leis a dhéanamh. Dubhairt sé gur Urraidh mhic an Urraidh an t-ainm a bhí air, agus gur é an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0505: Dead Man as Helper
    AT0513: The Extraordinary Companions
    Language
    Irish
    Collector
    Máire B. Nic Cuinneagain
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    70