School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
![The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 87](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1039%2FCBES_1039_87.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 87
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 87
- XML “Iníon an Ghobáin tSaoir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)acht ní thiocfadh leis bean ar bith a fhághail a bhéarfadh an t-airgead agus an craiceann do arais Bhí sé ag aonach amháin, agus casadh bean air, agus d’fiafruigh sí do caidé n luach a bhí dhith air fa choinne an chraicinn. D’innis sé duithe go gcaithfeadh sé an t-airgead agus an craiceann a bheith leis abhaile
Chuir sise a lámh ina póca, agus tharraing sí amach siosúr agus gheárr sí an olann de’n chraiceann agus thug sí an luach do, agus d’imthigh sé abhaile. Nuair a tháinig sé abhaile d’fiafruigh an t-athair do cé cheannuigh an craiceann. Inghean an fhir seo thall arsa’n buachaill. Sin an bhean a chaithfeas tusa posadh. Gabh anonn fhad léithe, agus iarr oirthí a theacht anall fhad liom-sa, agus í a bheith ag siubhal ar an bhealach mhór agus gan í a bheith ag siubhal air, agus comrádaidhe a bheith leithe, agus gan comrádaidhe a bheith leithe. Chuaidh sé anonn fhad leithe agus d’innis sé duithe caide d’iarr a athair uirthí a dhéanamh. Dubhairt sí go ndéanfadh sí sin. Thainig sí anall fhad leis agus d’fiafruigh an Goban díthe caidé n’ dóigh a dtáinig sí. Dubhairt sise go dtáinig sí ar chlaidhe an bhealaigh mhóir. Annsin d’fiafruigh sé díthe an rabh comrádaidhe ar bith léithe. Dubhairt sise go rabh madadh beag léithe. Dubhairt an Goban(continues on next page)- Collector
- Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Brian Ó hEaghartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- An Bogach, Co. Donegal