School: Learga na Saorthach (roll number 14888)
- Location:
- Learga na Saorthach, Co. Donegal
- Teacher: Cathal Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an lá a bhí tú faoi'n tom aitinne, ní bheithfeá annseo anois"
Annsin dubhairt an Sagart nach bfachaidh duine ar bith eisean ariamh, acht an té a bhí baistidhe. Chuaidh an gasúr abhaile, agus d'innis sé dó na athair fa'n rud a dubhairt an Sagart leis.
Annsin chuaidh an t-áthair go dtí an bhean bhocht agus d'fhiasruigh sé duithe an bhfuair sí an páiste baistidhe. Bhí eagla ar an bhean roimhe, agus d'innis sí dó nach bhfuair. Acht d'iarr an fear uirthe an fhírinne a innse, nach ndéanfadh sé dadaid uirthe. D'innis sí dó annsin go bhfuair sí baistidhe é.
Chuaidh an fear abhaile annsin, agus baisteadh an uile duine a bhí san teach.- Collector
- Bríghid Ní Chuinnea
- Gender
- Female
- Address
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Donegal
- Informant
- Anna Ní Chuinne
- Gender
- Female
- Address
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Donegal