School: Mín Teineadh Dé
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 171
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí buachaill béag ann aon uair amháin agus bhíodh sé i gcomhnaidhe ag buachailleacht.”
Bhí buachaill beag ann aon uair amháin agus bhíodh sé i gcomhnaidhe ag buachailleacht. An lá seo d'éirigh sé go an-luath agus bhlighe sé na bá agus chuir sé go dtí an chnoc iad. Bhí carraig mhór árd ar an chnoc seo agus is minic a shuidheadh sé annsin ag deánamh a scríste. Acht an lá seo thoisigh sé ag cuartughadh neadacha. Níorbh fhada gur fhaca sé bláth an deas. Bhí dath gorm agus buidhe air agus bhí dath bán ar an ghás. Chrom an gasúr anuas agus thóg sé é. Nuair a bhí sé ag amharc ar an bhláth chonnaic sé doras ag fosgladh ins an charraig bhí an iongantas ar fad ar an ghasúr nuair a chonnaic sé seo, nó bhí fios aige an charraig sin go maith agus ní fhaca sé dórus ariamh ann go dtí sin. Dar leis fhéin go rachadh sé fhad leis go bhfeiceadh sé an rabh teach ann. Thug sé leis an bláth agus chuaidh sé go dtí an charraig.(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal