School: Mín Teineadh Dé

Location:
Meentanadea, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1040, Page 172

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1040, Page 172

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Teineadh Dé
  2. XML Page 172
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí buachaill béag ann aon uair amháin agus bhíodh sé i gcomhnaidhe ag buachailleacht.

    (continued from previous page)
    Sheasuigh sé tamall ag an doras ag éisteacht agus fá dheireadh shíl sé go rachadh sé isteach. Chuaidh sé síos staighre mór cloch agus fá dheireadh tháinig sé isteach i seomra. Bhí fear ina shuidhe ag an teinidh. Bhí gruaig fhada dhubh air agus bhí féasóg fhada air fosta. Bhí tábla ag a thaobh agus bhí an chuid óir air. D'amharc an fear ar an ghasúr agus dubhairt sé leis go rabh céad aige an méid óir a bhí sé abalta iomchar a thabhairt leis. Bhí an athas ar an bhuachaill agus thoisigh sé ag líonadh a phócaí leis an óir. D'fhág sé an bláth ar an tábla. Nuair a bhí a phócaí líonta aige, thoisigh sé ag líonadh a hata. Nuair a bhí seo líonta ní rabh sé abalta níos mó a thabhairt leis, agus thoisigh sé ag gabhail suas na staighre, acht bhí an t-ór chomh trom sin nach rabh sé ábalta siubhal leis. Ní theachaidh sé i bhfad gur thoisigh an fear ag sgairtigh ina dhiaidh. "Ná déan dearmad den rud is fearr. Acht shíl an buachaill gurb ar an t-ór a bhí sé ag cainnt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Address
    Carraig an tSléibhe, Co. Donegal