Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 172
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí buachaill béag ann aon uair amháin agus bhíodh sé i gcomhnaidhe ag buachailleacht.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Sheasuigh sé tamall ag an doras ag éisteacht agus fá dheireadh shíl sé go rachadh sé isteach. Chuaidh sé síos staighre mór cloch agus fá dheireadh tháinig sé isteach i seomra. Bhí fear ina shuidhe ag an teinidh. Bhí gruaig fhada dhubh air agus bhí féasóg fhada air fosta. Bhí tábla ag a thaobh agus bhí an chuid óir air. D'amharc an fear ar an ghasúr agus dubhairt sé leis go rabh céad aige an méid óir a bhí sé abalta iomchar a thabhairt leis. Bhí an athas ar an bhuachaill agus thoisigh sé ag líonadh a phócaí leis an óir. D'fhág sé an bláth ar an tábla. Nuair a bhí a phócaí líonta aige, thoisigh sé ag líonadh a hata. Nuair a bhí seo líonta ní rabh sé abalta níos mó a thabhairt leis, agus thoisigh sé ag gabhail suas na staighre, acht bhí an t-ór chomh trom sin nach rabh sé ábalta siubhal leis. Ní theachaidh sé i bhfad gur thoisigh an fear ag sgairtigh ina dhiaidh. "Ná déan dearmad den rud is fearr. Acht shíl an buachaill gurb ar an t-ór a bhí sé ag cainnt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall