School: Mín Teineadh Dé
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 212
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Is minic an uair a chuaileadh mé mo athar mhór ag innis an sgéal táidhbhsé seo.”
(continued from previous page)a bheith ag tabhairt míne agus plúr ó Dhún na nGall go Árd a Rath ar an chairt an uile lá ins a t-seachtmhain agus bhí sé ar an bhealach go luath agus mall. Oidhche amháin bhí sé ag teacht 'na bhaile agus bhí sé go bréagh mall sílim go rabh sé i ndiaidh a h-aon ó chlog. Bhí lód plúir agus míne leis agus é fhéin ina shuidhe ar mullach. Nuair a tháinig sé fhad le druim Chonaire bhí sé ina shuidhe ar mhullach an lóid go fóill agus é ag amharc roimhe. Le sin go díreach chuaidh an rud mór dubh treasna an bhealaigh mhóir agus bhí cuma tairbh air agus is cuma caidé a ndéanfadh sé leis an chapaill, ní rachfadh sé aon choischéim thar an áit a dteachaidh an tairbh treasna an bhealach.
B'éigin do gabhail arais agus go síos an bealach éiginnteacht eile agus bhí an lá ann sul sroich sé Árd a Rath. An lá ina dhiaidh(continues on next page)- Collector
- Pádraig Mac Abhaird
- Gender
- Male
- Address
- Cró an Chaorthainn, Co. Donegal
- Informant
- Maighread Ní Bhreisleain
- Gender
- Female
- Address
- Cró an Chaorthainn, Co. Donegal