Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 224
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé in a chomhnaidhe comhgarach do choill. Bhí beirt comradaidhe aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)bhfuil tobair faoi an talamh." "Cé'n áit a bhfuil sí" arsa'n préachan. "Tá sí faoi an charraig mhór atá thall annsin". Bhí an triúr fear ag éisteacht faoi an chrann agus chualaidh siad gach rud a dubhairt na préachain. Annsin chuaidh na préacháin ar shiubhail. Nuair a chualaidh a bheirt fhear gach rud a dubhairt na preacháin, dubhairt siad go gcleanglóchadh siad an fear eile do'n chrann. Nuair a rinn siad seo rith siad an méid a bhí ina gcorp. Bhí an fear bocht ag iarraidh an rópa a bhriseadh acht ní rabh siad ábalta mar go rabh sé dall. Bhí an driucht ag tuitim go an-ghasta agus smaoitigh an fear ar an rud a dubhairt na préacháin. Chrom sé anuas agus thóg sé cuid de'n driucht ina láimh agus chuimil sé ar a shúile é. Níor luaithe ar rinn sé seo ná chonnaic sé aríst. Annsin bhris sé na rópaí a rabh sé ceanngailte leis. D'éirigh sé annsin agus thug sé lán buideal de'n driucht leis agus chuaidh sé abhaile. An lá ina dhiaidh sin chuaidh sé go dtí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall