School: Mín Teineadh Dé
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 227
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé in a chomhnaidhe comhgarach do choill. Bhí beirt comradaidhe aige.”
(continued from previous page)Tháinig an bheirt préachán agus sheas siad ar an chrann a raibh an bheirt fhear faoi. Thosuigh na préacháin ag cainnt eatorra féin. "Caithfidh sé go rabh duine eiginteacht ag éisteacht linn an oidhche dheireannach." arsa preachán amháin. "Furadh an bláth agus fuair ingean an rí biseach, agus fuair fear dall amharc aríst." "Seadh" arsa'n préachán eile agus "fuaradh an tobar a rabh sinne ag cainnt air." "Bhal" arsan chéad phréachán "caithfidh muid amharc anocht an bhfuil duine ar bith ag éisteacht linn." D'amharc an bheirt preachán anuas agus chonnaic siad an bheirt fhear. Tháinig an-fhearg ortha, agus d'eiteal siad anuas ó'n chrann. Stroic siad agus stiall siad do shúile an bheirt fhear. Chuaidh siad ar shiubhal annsin, bhí an bheirt fhear ina shuidhe annsin go brónach go maidin. An lá ina dhiaidh sin fuair an fear iad agus dubhairt sé leobhtha nach gceanglóchadh siad duine ar bith do chrann féasta.(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal