School: Mín Teineadh Dé

Location:
Meentanadea, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1040, Page 272

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1040, Page 272

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Teineadh Dé
  2. XML Page 272
  3. XML “Scéal an Ghadaí Dhuibh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leis an Ghaduidhe Dubh acht ní rabh an t-athair nó an mháthair sásta. Rinn sé margadh leis an Ghaduidhe Dubh a chéird a tabhairt do agus greim a fhághail ar a choidhche. Aon lá amháin bhí siad ina suidhe ar thaobh cruic. Chonnaic siad fear ag gabhail an bhóthair agus caoraigh leis ar téad. Dubhairt an gadaidhe le Seán "An mbeatha abalta an chaora a ghoid ón fhear atá ag gabhail an bóthair." Dubhairt Seán go ndeanfaidh sé sin agus d'imthigh sé leis. Bhí coill bheag brosna idir é fhéin agus an bóthair. Bhí bróga úra air. Sgaoil sé de na bróga, lín sé ceann acu le salachar, agus d'fhág sé i lár an bhóthair é. Chuaidh sé giota eile an toisigh an bhóthair agus d'fhág sé an bhróg glan ann. Nuair a tháinig fear na caorach fhad leis an bhróg, thóg sé agus bhreathnuigh sé é, b'fhiú tú a ghlanadh dá mbéadh do leathcheann eile le faghail. Ní theachaidh sé i bhfad un toisigh na gur chas an bhróg eile air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish