Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an Ghaduidhe Dubh acht ní rabh an t-athair nó an mháthair sásta. Rinn sé margadh leis an Ghaduidhe Dubh a chéird a tabhairt do agus greim a fhághail ar a choidhche. Aon lá amháin bhí siad ina suidhe ar thaobh cruic. Chonnaic siad fear ag gabhail an bhóthair agus caoraigh leis ar téad. Dubhairt an gadaidhe le Seán "An mbeatha abalta an chaora a ghoid ón fhear atá ag gabhail an bóthair." Dubhairt Seán go ndeanfaidh sé sin agus d'imthigh sé leis. Bhí coill bheag brosna idir é fhéin agus an bóthair. Bhí bróga úra air. Sgaoil sé de na bróga, lín sé ceann acu le salachar, agus d'fhág sé i lár an bhóthair é. Chuaidh sé giota eile an toisigh an bhóthair agus d'fhág sé an bhróg glan ann. Nuair a tháinig fear na caorach fhad leis an bhróg, thóg sé agus bhreathnuigh sé é, b'fhiú tú a ghlanadh dá mbéadh do leathcheann eile le faghail. Ní theachaidh sé i bhfad un toisigh na gur chas an bhróg eile air.