School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 202
- XML “Seanchas i dtaobh na Cuiginne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)théidhead go mbéadh sé dearg agus é a chuir isteach faoin chuinneóig. Rinne an bhean mar h-iarradh uirthi. Chuir sí an maide briste isteach faoin chuigeann agus thoisigh sí ag bualadh an bainne. D'iarr an sagart uirthi fosda na fuinneógaí agus na doirse a dhruid. Ní raibh sé i bhfad gur mhothuigh sí an sgairt ag an doras ag iarraidh uirthi a leigint isteach. Ach ní leigfeadh an bean an duine isteach. H-iarradh arís uirthí a leigint isteach. Ach ní leigfeadh an bean isteach é. An treas uair d'iarr sé in ainm Dé ar na mnaoi a toighe é a leigint isteach agus go mbéadh neart ima ar a cuid uachtair. ón lá sin amach bhí neart ime aicí.
Lá eile bhí fear as an Crann Ceó ag dul isteach sa bhoitheach agus go díreach ag dul isteach an doras dó rith gearrfiadh amach. Níor thug sé áird ar bith air ar dtús ach na dhiaidh sin sónruigh sé nárbh gearrfiadh nádúrtha é. An lá sin bhí siad ag bualadh maistridh. Bhí siad a bhualadh i rith an lae agus ní raibh im ar bith ag teacht air agus bhí cuma air nach raibh im ar bith ag dul a teacht air. An lá sin chuaidh an fear a chonnaic an gearrfiadh agus fear eile amach a' sceilg. Nuair a bhi siad tuairim air céad slat ón teach rith an gearrfhiadh céatna a chonnaic sé ins an bhótheach amach roimhe. Chaith sé urchar. Bhuail sé an gearrfiadh ach níor thuit sé. Chaith sé(continues on next page)- Informant
- Eibhlín Bean Ua Míodhacháin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 52
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Cill Charthaigh, Co. Donegal