School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 187

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 187

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 187
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bheallach bheith caithte agus an lón chomhair a bheith ithte. Thionntaigh sé annsin ar a' bhaile, folamh agus gan aon dath leis. Bhí an Rí mío-shásta leis . D'fhaifruigh an Rí de'n dara mac annsin a' rachadh seisean 'un siubhail. Dubhairt an dara mac go rachadh dá bhfágad sé neart lóin agus pighneacha maithe costais. D'fiafruigh sé de annsin cé aca a' bhfeárr leis tuirtín beag agus a bheannacht nó tuirtín mor agus a mhallacht. Dubhairt an mac go rabh sé dona go leor agus an tuirtín mór a fhághail agus gan fios aige ca h-uair a phillfead sé.
    D'imigh an dara mac leis maidín lá thar na bhárach agus shiubhail leis nó go dtainig se fhad leis an chrois-bhealach cheadna a dtainig an chéad mhac air. Shuidh sé síos a d'ithe giota de'n arán. Niorbh fhada
    i n-a shuidhe é go bhfacaidh sé an seanduine beag ruadh ag tarraingt air. Nuair a thainig an seanduine fhad leis d'fiafruigh sé de an dtabhairfead sé giota de'n arán dó nó go rabh ocras air. Dubhairt an mac nach dtabhairfeadh, nach é míle[?] amháín go rabh sé ró-ghann aige féin. Dubhairt an seanduine leis narbh'feárrde dó agus d'imigh sé leis. Nuair a d'ith seisean a dhothán d'éirigh sé agus chuaidh i gcionn a't-siubhail aríst. Shiubhail sé leis nó go rabh an costas ar bealach bheith caithte agus an lón ar bhealach bheith ithte. Phill sé ar a'bhaile annsin. fuar, folamh agus gan dadaidh leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Cheapach, Co. Donegal
    Informant
    Tomás Mac Seaghain
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    94