Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 187
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheallach bheith caithte agus an lón chomhair a bheith ithte. Thionntaigh sé annsin ar a' bhaile, folamh agus gan aon dath leis. Bhí an Rí mío-shásta leis . D'fhaifruigh an Rí de'n dara mac annsin a' rachadh seisean 'un siubhail. Dubhairt an dara mac go rachadh dá bhfágad sé neart lóin agus pighneacha maithe costais. D'fiafruigh sé de annsin cé aca a' bhfeárr leis tuirtín beag agus a bheannacht nó tuirtín mor agus a mhallacht. Dubhairt an mac go rabh sé dona go leor agus an tuirtín mór a fhághail agus gan fios aige ca h-uair a phillfead sé.
D'imigh an dara mac leis maidín lá thar na bhárach agus shiubhail leis nó go dtainig se fhad leis an chrois-bhealach cheadna a dtainig an chéad mhac air. Shuidh sé síos a d'ithe giota de'n arán. Niorbh fhada
i n-a shuidhe é go bhfacaidh sé an seanduine beag ruadh ag tarraingt air. Nuair a thainig an seanduine fhad leis d'fiafruigh sé de an dtabhairfead sé giota de'n arán dó nó go rabh ocras air. Dubhairt an mac nach dtabhairfeadh, nach é míle[?] amháín go rabh sé ró-ghann aige féin. Dubhairt an seanduine leis narbh'feárrde dó agus d'imigh sé leis. Nuair a d'ith seisean a dhothán d'éirigh sé agus chuaidh i gcionn a't-siubhail aríst. Shiubhail sé leis nó go rabh an costas ar bealach bheith caithte agus an lón ar bhealach bheith ithte. Phill sé ar a'bhaile annsin. fuar, folamh agus gan dadaidh leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Seaghain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94