School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 213
- XML “Scéal fá Bhunadh na gCnoc”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'fhág an fear agus an gasúr an cró. Dubhairt fear amháin, "Anois, nach bhfuil na sidheógaí ann." "Bhal," arsa an fear eile, "níor chreid mé ariamh go rabh a leithéid ann agus ní chreidfinn anois ach abé go bhfacaidh mé iad." "Bhal," arsa an fear eile, "creid mise agus tá súíl agam gurab é mo leas uilig é."
Cupla lá i n-a dhiaidh sin chualaidh siad go rabh na gárdaí sa tóir ortha. Rinne siad dhá leith de'n phoitín agus chuir ach uile dhuine aca a gcuid féin i bhfolach go cúramach. Le sin thainig na gárdaí agus thoisigh siad a chuartughadh an phoitín. Fuiar siad cuid an fhir nach dtabhairfeadh isteach do sidheógaí acht dá mbéadh siad ag cuartughadh ó shoin ní bhfuighead siad cuid an fhir eile siocar go dtug sé an poitín do na sidheógaí.- Informant
- Seaghan Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Baile Mór, Co. Donegal