School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 214
- XML “Bád Sí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bád SídheBhí fuireann as Teileann amuigh ag iasgaireacht oidhche amháin. Chuaidh siad go Bun Glas a d'iarraidh scadán. Chaith siad tamall thiar ach ní bhfuair siad aon ghné. Nuair a bhí an eangach tógtha aca agus iad réidh le theacht abhaile chonnaic siad bád fá ghiota daobtha. Rinnd siad iongantas nár labhair an fhuireann leobtha. Bhí seisear fear ag iomrughadh uirthi gan stiúir ar bith. Arsa fear aca leis an fhear eile, "Bainigidh iomrughadh aiste." Thosaigh siad ag iomrughadh ar cheann a ndichill ag cóimhlinnt cé aca bhéadh ag an Charraigín ar dtús. Ach bhí an bheirt is[?] na maidí ag 'na chéile rith an ama go dtainig siad 'na leice. Chuaidh an bád sídhe a dh'imeacht uabhtha annsin rud beag nó go dtainig siad fhad leis an chéidh. Chuir siad beirt de'n fhuirenn amach ar an chéidh a d'amharc cé an bád a bhí ann nó shil siad-san gur as an Achadh an Rátha í. Ach fuair siad amach nach rabh bád ar bith amuigh as Achadh an Rátha an oidhche sin. Chonnaic siad annsin gur bá sídhe a bhí innte. Bhí iongantas mór ortha de thairbhe seo acht níor éirigh tiompaiste ar bith daobhtha dá bhárr.
- Informant
- Seaghan Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Baile Mór, Co. Donegal