School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 221
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-ScealBhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí fear agus bean i n-gcomhnuidhe i dteach bheag. Bhí morán páistí aca agus mar sin bhi siad an bhocht. Ní raibh greim le n-ithe nó le n-ól aca i n- amannaí agus ní rabh bealach aca éadaí nó rud ar bith a cheannacht.
Oidhche amháin thainig scáirt 'an dorais. Chuaidh an fear amach agus chonaic sé sagart i n-a sheasamh taobh amuigh. Dubhairt an sagart gut mhaith leis é a theacht leis tamall a dh'obair agus go dtabhairfead sé páighe mhaith dó. Dubhairt an fear bocht go rachad sé
leis. "Seo," arsa an sagart, "caithfidh mé dallóg a chur ar do shúilibh." "Maith go léor," arsa an fear, "Déanfaidh mé rud ar bith ach airgead a fhághail," Chuir an sagart an dallóg ar a shúile agus shuibhail siad leobhtha giota mór fada nó go dteachaidh siad fhad le caisleán mhór agus chuaidh siad isteach i seomra mhór. "Anois" arsa an sagart, "Seo do chuid oibre." Sin píopa atá le cóiriughadh agus nuair a bhéas sé déanta agat. Béarfaidh mé dhá phíosa óir duit." Nuair a bhí aithne an lae ann thug an sagart an dá phíosa óír don fhear agus thainig sé 'na bhaile.
An oidhche sin thainig an sagart fá n-a dhéin arais. D'imigh siad leobhtha go dtí an áit cheadna agus nuair a bhi píopa eile cóirighthe ag an fhear d'iarr(continues on next page)- Informant
- Seaghan Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Baile Mór, Co. Donegal