Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 221
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-ScealBhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí fear agus bean i n-gcomhnuidhe i dteach bheag. Bhí morán páistí aca agus mar sin bhi siad an bhocht. Ní raibh greim le n-ithe nó le n-ól aca i n- amannaí agus ní rabh bealach aca éadaí nó rud ar bith a cheannacht.
Oidhche amháin thainig scáirt 'an dorais. Chuaidh an fear amach agus chonaic sé sagart i n-a sheasamh taobh amuigh. Dubhairt an sagart gut mhaith leis é a theacht leis tamall a dh'obair agus go dtabhairfead sé páighe mhaith dó. Dubhairt an fear bocht go rachad sé
leis. "Seo," arsa an sagart, "caithfidh mé dallóg a chur ar do shúilibh." "Maith go léor," arsa an fear, "Déanfaidh mé rud ar bith ach airgead a fhághail," Chuir an sagart an dallóg ar a shúile agus shuibhail siad leobhtha giota mór fada nó go dteachaidh siad fhad le caisleán mhór agus chuaidh siad isteach i seomra mhór. "Anois" arsa an sagart, "Seo do chuid oibre." Sin píopa atá le cóiriughadh agus nuair a bhéas sé déanta agat. Béarfaidh mé dhá phíosa óir duit." Nuair a bhí aithne an lae ann thug an sagart an dá phíosa óír don fhear agus thainig sé 'na bhaile.
An oidhche sin thainig an sagart fá n-a dhéin arais. D'imigh siad leobhtha go dtí an áit cheadna agus nuair a bhi píopa eile cóirighthe ag an fhear d'iarr(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seaghan Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall