School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 229
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-ScealBhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhi dhá dhream ann uair amháin tuairim is ar cúig chéad bhliadhain ó shoin. Bhí dream amháin aca agus ní thiocfadh leobhtha aon fhocal fhírinne a innse. Bhi an dream eile ar an doigh eile, ni thiocfadh leobhtha aon fhocal bhréige a innse.
Bhí beirt fhear óga aca seo, fear de i n-uile dhream an mhór le n-a chéile. Sé an chéird a bhí aca na cearrbhachas. Bhí siad ag sábhail i n-uile phighinn a bhí said ag saothrughadh go dti sa deireadh go rabh leith-chead punta an duine sábhailte aca. Bheiridhe "Fear na Fírinne" ar fhear amháin aca agus "Fear na mBréag" ar an fhear eile. Ach cé bith chuir siad geall lá amháin gurabh' fhéarr an fhírinne na an bhréag. Dubhairt an fear eile go gcuirfead sé an leith-chead punnta a bhí aige de fhuigheall leis go mbféarr an bhréag.
Leagadh amach an dá leith-chead punnta. Chuaidh siad a d'imirt na gcárdaí annsin agus bhuaidh Fear na mBréag. Dubhairt Fear naFírinne go n-imreochadh sé an culaith éadaigh a bhí ar a dhruim leis le cur i n-iúil dó gur bhfearr an fhírinne. D'imir siad le cheile agus bhuaidh "Fear na mBhréag"arais. Dubhairt "Fear na Fírinne" annsin go n-imreochadh sé amharc a dhá shúl gurbh fhearr an fhírinne. N-imreochadh amharc na súl, bhí an bhuaidh arais le "Fear na mBréag. D'fiafruigh "Fear(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Baile Mór, Co. Donegal