School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 232
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chualaidh an Rí an chainnt a bhí idir 'Fear na Fírínne' agus an doirseóir agus thainig sé amach. Thug sé an fear isteach'an t-seomra ann a rabh a inghean i n-a luighe. Rug sé ar a láimh agus d'fiach[?] sé a cuisle. D'fiafruigh an Rí de cé an bharamhail a bhí aige di. D'innis "Fear na Fírinne " don Rí go mbéádh sí leigheasta aige faoi chionn trí cheathramhadh uaire. Thoisigh na dochtúirí eile a rith amach ar mhullach a chéile le tréan deifre agus náirighthe. Tharraing seisean amach an poitin iocshláinte agus thug sé gloinne le n-ól di. Thainig órla ar inghean an Ríogh agus chuir sí amach an ribe ar a beal. Faoi chionn dhá uair a chluig bhí sí comh maith is bhí si ariamh. Cuireadh fios amach ar an t-sagart agus pósadh "Fear na Fírinne" agus inghean an Ríogh. Bhí an bhaineis[?] aca. Lá amháín bhi siad amuigh i gcóiste agus cé casadh ortha ach "Fear na mBréag". Ní raibh snáth na seacht n-éádaigh air agus ní rabh pighinn airgid nach raibh caillte aige. D'innis "Fear na Fírinne" do caidé mar éirigh leis ó shoin. D'iarr "Fear na mBréag" ar "Fear na Fírinne"annsin na súíle a bhaint as nó b'fhéidir go n-éireochadh go maith leis. Dhiúltaigh "Fear na Fírinne" do sin a dhéanadh ach dubhairt sé go gcuirfead sé san áir cheadna é sa bhalla ann a rabh seisean. Chuir sé faoi dhubhach Ri na gCat é. Thainig na cait i-steach an oidhche seo agus d'iarr Rí na gCat ortha sceal a innse ach ní innseochadh cat ar bith aca sceal.(continues on next page)
- Informant
- Donnchadh Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Baile Mór, Co. Donegal