Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 232

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 232

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 232
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chualaidh an Rí an chainnt a bhí idir 'Fear na Fírínne' agus an doirseóir agus thainig sé amach. Thug sé an fear isteach'an t-seomra ann a rabh a inghean i n-a luighe. Rug sé ar a láimh agus d'fiach[?] sé a cuisle. D'fiafruigh an Rí de cé an bharamhail a bhí aige di. D'innis "Fear na Fírinne " don Rí go mbéádh sí leigheasta aige faoi chionn trí cheathramhadh uaire. Thoisigh na dochtúirí eile a rith amach ar mhullach a chéile le tréan deifre agus náirighthe. Tharraing seisean amach an poitin iocshláinte agus thug sé gloinne le n-ól di. Thainig órla ar inghean an Ríogh agus chuir sí amach an ribe ar a beal. Faoi chionn dhá uair a chluig bhí sí comh maith is bhí si ariamh. Cuireadh fios amach ar an t-sagart agus pósadh "Fear na Fírinne" agus inghean an Ríogh. Bhí an bhaineis[?] aca. Lá amháín bhi siad amuigh i gcóiste agus cé casadh ortha ach "Fear na mBréag". Ní raibh snáth na seacht n-éádaigh air agus ní rabh pighinn airgid nach raibh caillte aige. D'innis "Fear na Fírinne" do caidé mar éirigh leis ó shoin. D'iarr "Fear na mBréag" ar "Fear na Fírinne"annsin na súíle a bhaint as nó b'fhéidir go n-éireochadh go maith leis. Dhiúltaigh "Fear na Fírinne" do sin a dhéanadh ach dubhairt sé go gcuirfead sé san áir cheadna é sa bhalla ann a rabh seisean. Chuir sé faoi dhubhach Ri na gCat é. Thainig na cait i-steach an oidhche seo agus d'iarr Rí na gCat ortha sceal a innse ach ní innseochadh cat ar bith aca sceal.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Mac Niallghuis
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Mór, Co. Dhún na nGall