School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 233
- XML “Seanscéal”
- XML “An Bhean Sí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An Bhean SídheBhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí fuireann i dTeileann aon uair amháin agus ní rabh gar sé lá sa t-seachtmhain a bheith le h-iasgaireacht a dhéanadh, chaithfead siad bheith amuigh Dia Domhnaigh. Bhí iasgaireacht mhór ann san am agus bhí cathughadh ar an airgead.
Cé bith, d'éirigh an fhuireann seo maidín Dia Domhnaigh amhain agus rinne siad réidh le ghabhail amach a d'iasgaireacht. Sháith siad an bád ag ceidh na Trágh'Báine agus chuaidh seachtar fear ar bord. D'fhág siad an chéidh le n-a bheith arais ag Aifreann an dó dheag. D'imigh siad go dtí ait a dtugtar Poll na bPocán air. Chualaidh siad rud eiginteacht mar bhéadh caoineadh ann istigh san allt ach níor leig aonduine air gur mhothiahg siad aon dath. D'iomair siad leobhtha go laidir ag tarraingt - ar eagla go mbéadh duine ar bith a thabhairfeadh an sceal amach. D'eirigh Coinneál Ri na gCat agus dubhairt sé go rabh fear i-stoigh cheana a thug an sceal amach. Thúsaigh siad ag tionntadh na ndabhach agus thainig siad fhad le dabhach Rí na gCat. Bhí Fear na mBréag annsin agus leigheacht ar an bhail a thug siad air. Rug cat lámh air, cat eile cos air agus stróc siad suas i n-a ngiotai beaga é.
Sin an deireadh a bhí ar "Fear na mBréag".(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Baile Mór, Co. Donegal