Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 236
- XML “Scéal fán Diabhal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhfaghadh sé an líon tágtha leis acht bhí an Diabhal ró-cruaidh aige, ni leigfead sé leis é.
Bhí deárhtar ag Séamus a dtugad siad Prionnseas air agus thainig seidean fhad le Séamus go bhfeicead sé caidé a bhí a chongbhailte, go rabh an fhuireann ag fanacht leis. D'freagair Séamus nach rabh neart aige air; go rabh an Diabhal i n-a sheasamh ar a' líon agus nach leigfead sé leis é. "Fan," arsa Prionnseas, "go bhfághaidh mise fhad leis, cuirfidh mé an tóir air." B'fhíor dó. Nuair a fuair seisean fhad le ceann an lín ní rabh (ag) an Diabhal i bhfad ag teitheadh.
Tóg Prionnseas an líon agus d'iomchuir na bháid é is níor bhodruigh an Diabhal é an oidhche sin ní ba mhó. Cupla oidhche i n-a dhiaidh sin thainig an Diabhal arais i n-a chumadh muice. Thog seisean a bhrog leis agus thug buille dó. D'imigh sé le sin acht thainig sé air arais agus é ag iasgaireacht i gcumadh bád seoil ag bualadh go cruaidh leis an ghaoith. Bhí bád ag tarraingt comhgarach anois don bhaile agus le sin chuir an Diabhal go dtí na mhuineál é i gcuan uisge. Shnámh sé agus shnámh sé nó go rabh a chos ar thalamh thirim arais. D'eirigh sé i n-a sheasamh annsin agus chuir sé ceist ar an Diabhal an rabh sé ábalta aon dath eile a dheanadh leis. Níor thug an Diabhal aon toradh air agus ghéaff Prionseas an Chroich-Chéasta i n-a aghaidh. Le sin d'imigh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Mac Niallghuis
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall