School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 275
- XML “Síscéal”
- XML “Scéal fá na Fianna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duthe bhí sí sgartha d' na sidheógai annsin. Ón lá sin amach tugadh Maloidh an Single ar an aít ó chaolaidh an bhanaltra an tormán uaidh.
- Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Nuair a mhair na Fianna i n-Éirinn bhíodh na n-oidhcheanntaí an fhuar san gheimhreadh. Oidhche amháin nuair a bhí na Fianna uilig na luighe chualaidh siad an tormán ag an doras. Chuaidh Fionn fhad leis an doras agus d'iarr ar an duine a theacht isteach le sin shiubhail an t-seanbhean a ba ghráice a chonnaic sé ariamh isteach. D'fiafruigh sé díthe caidé bhí ag cur bhuadhartha oirthí. Dubhairt sise go rabh dídean na h-oidhce a dhith oirthi ach dubhairt Fionn nach dtabhairfeadh seisean dídeán ar bith díthe agus thiontuigh sé amach í. Thúsaigh sí a chaoineadh annsin agus gcionn cupla bomaite eile thainig sí arais agus bhuail ag doras Oisín. Chuaidh Oisín fhadh leis an doras agus d'iarr oirthí a theacht isteach. Thainig an t-seanbhean isteach agus nuair a chonnaic Oisín an cineál mná a bhí innte d'fhiafruigh sé díthe go feargach caidé bhí a dhith oirthe. Dubhairt sí go rabh dídeán na h-oidhche a dhith oirthe acht dubhairt Oisín nach rabh dídeán ar bith le fághail aice agus thionntaigh amach í. I gcionn tamaill thainig sí arais agus bhuail ag doras Dhiarmada.(continues on next page)
- Informant
- Séamus Ó h-Eochaidh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Cheapach, Co. Donegal