School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 276
- XML “Scéal fá na Fianna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaidh Diarmuid amach agus d'iarr uirthe a theacht isteach. Shiubhail sí isteach. D'fiafruigh sé díthe caidé bhí a dhith uirthe agus dubhairt sí go rabh dídeán na h-oidhche a dith uirthe. Bhí truaighe ag Diarmuid dithe de bhrigh go rabh sí an-fhuar agus uaigneach agus dubhairt léithe, Tá tú do sheanbhean ghránna acht má tá féin bhéarfaidh mé dídean duit.
Thug sé iseach í agus d'iarr uirthi í féin a théidheadh leis an teine. Annsin thug sé a leabaidh féin díthe agus dubhairt sé léithe go dtiocfadh léithe codladh innte go maidín. Tamall i n-dhiaidh sin chuaidh Diarmuid isteach go bhfeicead sé í in-a codladh. Ach nuair a chonnaic sé í ní thiocadh leis a chreidbheál gurab í a bhí ann. I n-áit sheanbhean ghránna chonnaic sé bean uasal an dóigeamhail. Sgairt Diarmuid ar na Fianna agus nuair a chonnaic siad í dubhairt siad gurab í an cailín í a ba dóigheamhla a chonnaic siad ariamh. Le sin mhusgail sí agus chonnaic sí Diarmuid. D'fhiafruigh sí de ca n-áit ann a mbfeárr leis an caisleán ba deise a rinne sé ariamh a bheith deánta. Dubhairt sé léithe gur an chnoc adaí thall. D'iarr sise air amharc amach ar an fhuinneóig agus nuair a rinne sé sin chonnaic sé an caisleán a ba deise a rinneadh ariamh. Dubhairt an cailín leis go dtabhairfeadh sí an caisleán sin dó agus annsin d'innis sí dó gur inghean Ríogh a bhí innte.(continues on next page)- Informant
- Séamus Ó h-Eochaidh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Cheapach, Co. Donegal