School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 280
- XML “Síscéal”
- XML “Síscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aillt. Chonnaic sí an nead thios ar laftán a bhí san aillt. Bhí sí ag gabhail amach fhad leis agus le sin sgairt fear leíte ó'n dún. Dubhairt sé , "Ca bhfuil tú ag gabhail , pill abhaile". Phill an cailín abhaile. Rinne sí amach gurabé an fear ceadna, ó na ghlór a d'aithin sí é, a bhí sa teach oice roimhe sin a scairt leíte agus gur shabháil sé ón bhás í is dóiche.
- Siodh-Sceul.
Bhí bean i Málainn Bhig aon uair amháin agus oidhche amháin bhí sí féin agus a inghean i n-a suidhe chois na teineadh. Le sin thainig fear beag isteach agus gruag ruadh air agus é gleusta mar shaighdiúir. Shuidh sé síos agus chuaidh sé 'un cainnte leis an mhnaoi. Nuair a bhí am luighe ann dubhairt an fear go rabh an t-am aige-sean a bheith ag tarraingt ar a lóisdín. D'imthigh sé leis. Chuaidh an bhean amach i n-a dhiaidh agus chonnaic sí é ag gabhail suas fhad le dún a bhí i gcúl an toighe. Lá thar na bhárach chualaidh an bhean nach rabh coimhthigheach ar bith san chomursanacht. Rinne sí amach annsin gur sidheóg a bhí ann. Bhí seanbhean sa teach cheudna agus seachtmhain i n-a dhiaidh seo fuair sí bás. Lá an tórraimh thainig an fear beag ruadh ceudna go dtí teach a' phobail agus é gleusta mar shaighdiúir(continues on next page)