School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 282
- XML “Síscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thainig siad amach ar thráigh ghainimh agus shiubhail leo. Níor stad siad gur shroich siad Cruachán Chonnacht. D'fosgail scriog agus chuaidh siad isteach. Bhí siad ag síneadh leo gur casadh isteach iad sa chaisleán a ba deise a bhfacthas ariam Chuaidh siad fríd na seomraí nó go dtainig siad go dtí seomra ann a rabh bean i n-a luighe tinn. Nuair a dhearc fear Theilinn uirthí sé an chead rud a shonnruigh sé an scian a chaith sé in-aghaidh doinninne cuplá lá roimhe sin, sáithte i leath-taoibh croidhe na mná a bhí i n-a luighe. Bheir sé ar an scian agus tharraing í. Ní luaithe a bhí sin deánta ná d'éirigh an bhean slán folláin Thug sí buidheachas dó agus dubhairt leis gurabise a thóg an fhairrge orthá ag súil go bhfághadh sí eisean díthe féin. Annsin thug sí a a [!] sháith bidh agus dighe dí.
Chuir an buachaill ruadh fear Theilinn ar dhruim an bheathaigh aríst é agus ní thearn stad nó mór-chomhnuidhe gur fhág-sé slán sábhailte ar chladach Theilinn iad. D'fág siad slán agus beannacht ag na chéile annsin agus scar ó n-a chéile Ní fhacaidh siad a chéile ní ba mhó- Informant
- Séamus Ó h-Eochaidh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Cheapach, Co. Donegal