School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 327

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 327

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 327
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mo ghnáithe bheitheá-sa do fhear shona shaidhbhir ó shoin An oidhche a thainig mé a théidheadh an pháiste ag do theine níor leig do chroidhe duit labhairt liom féin nó le do mhac. D'innseochainn-se rud duit an oidhche sin a dhéanfadh maith ort. Ach d'innis tusa orm-sa le do mhnaoi ar maidín is mór a ghoill sin orm-sa. Smaoitigh mé annsin go ndeánfainn maith ort nuair a chuir mé do mhac a cheannacht do bheathaigh uait. Chros mé ort gan tú a innse do aon-dhuine beo caidé a thárla ar an aonach ar pilleadh abhaile duit". "Tá'n báire thart" anois," arsa sise, "Ghabh isteach agus innis sin do do bhean, is fada aríst go n-innsighidh tú aon dath duithe."
    Nuair a chuaidh sé isteach ionnsoir a dhinnéar ní rabh sé i n-innibh aon dath a ithe bhí sé comh líonta suas le tocht. Bhris an caoineadh air. D'fiafruigh a bhean de caidé an buaidhreadh a bhí air. D'innis sé an sceul díthe. An bomaite abhí an focal deireannach innsighthe aige chaill sé lúth na teangtha. Bhí an chainnt caillte aige fhad is bhí sé beo.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Informant
    Seaghan Mac m Briartaigh
    Gender
    Male
    Age
    45
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal