School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 328
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-Sceul.Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí seanduine ann fad ó shoin i n-a chomhnuidhe i sean teach a bhí leath leagtha. Bhí triúr mac aige. Thárla gur ghlac an seanduine tinneas lá amháin agus bhí fhios aige go maith gur ghoirid go bhfuighead sé bás. Scairt sé ar a thriúr mac agus dubhairt, "A mhic tá mise bhur bhfágail anois agus ba mhaith liom i n-uile sheort ar dhruim a domhain a rann eadaraibh sa dóigh nach mbéidh troid ar bit indhiaidh mo bháis. Tarraingigidh amach an bocsa atá faoi mo leabaidh annseo". Bhí an-iongantas ar a chuid mac go rabh rud ar bith ag n-a n-athair a bhéadh úsaideach aca nó rith a shaoghail bhí siad comh bocht le luchogaí. Annsin arsa an seanduine, "Fághaigidh an eochair atá ar mo mhuineál, fosclaigidh an bocsa agus tug amach a bhfuil taobh istoigh de". Thug siad amach an bocsa agus bhain an glas de. An chead rud a casad ortha sean hata stróctha, stiallta, annsin sean-sparán folamh agus annsin adharc mhór bhán a bhí uilig pollt[a.] "Anois", arsa an seanduine, "ag tógailt na hadhairce seo do phronntannas-sa agus thug do'n mhac ba sine é. An uile sheort a bhéas a dhith ort ní'l agat ach sgairtigh fríd an adhairc seo agus gheobhaidh tú cé bith atá a dhith ort". Annsin thug sé an hata do'n darna mhac agus dubhairt, "Tug aire mhaith do'n hata seo. Is fiú morán(continues on next page)
- Informant
- Seaghan Mac m Briartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal