School: Mín an Aodhaire (roll number 12021)

Location:
Mín an Aoire, Co. Donegal
Teacher:
Seaghan Ó Coinnigeáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 360

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 360

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Aodhaire
  2. XML Page 360
  3. XML “Ramás”
  4. XML “Seo Laoi”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo rámas fa dtaobh de na Fiannaibh a bhí ann fad ó shoin. Fear ba láidire bhí in Éirinn an t-am sin sé an t-ainm a bhí air Goll Mac Morna. Agus an fear bhadh mó a bhí ann is é an t-ainm a bhí air Oscar. Agus 'Sé an t-ainm a bhí ar an Righ a bhí ortha Fionn Mac Cumhail. Bhí deirbhsiur ag Goll agus bhí sí pósta ar Righ na hIndiacha Shior agus bhí da mac aici dar b'ainm Fiach de fear acu, agus Buaidhach Fear a bhí ar an fear eile agus saoil siad féin nach rabh an dá fear ar an domhain cómh láidir leobhtha. Bhí an mhathair ag radh leobhtha go rabh a dearbhráthair féin Goll a bhí in Éirinn ní badh láidire na iad.
    Dubhairt Fiach gur goirid go dtabharfadh fear acu féachailt dí.
    Seo Laoi
    Aithrisim sgeul agus cuirim uaim
    Ar an fathach fairrigin 'na dtréan sluagh
    Go dtainig chughainne ann ar ndáil
    A Ceannsuidhe agus go léir a dtamhail
    O Cré na hIndiacha anall mac Ard rí na nGéar lann
    Go bhfacaidh na Fiannaibh teacht sa Cuan go h árd ar stáid Mac Cáin
    Ann a tréartha ní rabh staod
    Ba ghile gheag nó an cailc mín
    Ba mhaith a sgiath agus a lann
    Trath bhí sé i n-éadaigh go h-an teann
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Seaghan Ó Coinnigeáin
    Gender
    Male
    Address
    An Gaineamh agus An Curraoin, Co. Donegal
    Informant
    Seumas Mac Fionnalaoic
    Gender
    Male
    Address
    Mín an Chearrbhaigh, Co. Donegal
  2. Aithrisim sgeul agus cuirim uaim
    Ar an fathach fairrigin 'na dtréan sluagh
    Go dtainig chughainne ann ar ndáil
    A Ceannsuidhe agus go léir a dtamhail
    O Cré na hIndiacha anall mac Ard rí na nGéar lann
    Go bhfacaidh na Fiannaibh teacht sa Cuan go h árd ar stáid Mac Cáin
    Ann a tréartha ní rabh staod
    Ba ghile gheag nó an cailc mín
    Ba mhaith a sgiath agus a lann
    Trath bhí sé i n-éadaigh go h-an teann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.